Táim an feargach faoi láithir, ró-feargach. Comh feargach sin nach féidir liom smaoineamh fiú. Bhíos ar Bebo ag féachaint timpeall na físeanna. Thug mé faoi dearadh go raibh alán físeanna don IRA/INLA/CIRA/PIRA etc. Féach mé suas na lads a bhfuil a cuir an stuif suas agus níor chreid mé céard a fuair mé. Tá an méad sin suíomhanna ar bebo dírithe ar ‘true republicans’ tá sé dochreidthe. Gach ceann acu le pictúir do Bobby Sands in aice le Che Guevera. An rud faoi Bobby bocht áfach na go raibh sé ag dul i gcoinne rialacha an IRA nuair a stop sé ag ithe-oops! Conas a rinne sibh dearmaid ar sin lads?
Chuireann an stuif seo isteach orm. Is Éireannach mé, táim bródúil as a bheith Éireannach. Táim bródúil as stair fada an tír seo ach, deirim anois ard, láidir is glóirbhear ‘TÁIM NÁIRITHE AG AN IRA!!’ Tá an cogadh thart. Ní feicimid 32 contae le gunnaí. Fiú má tá a cearrt agaibh, agus is féidir linn beir ar na sé, ní bheidh aon mhaitheas iontu agus iad scroiste go hiomláin ag bhur cogadh. Ní hionann níos mó troid agus leiscéal a thadhairt don taobh eile troid ar ais. Tá sráideanna na sé fliuch fós le foil agus deora ón am deirneach a roinne sibh fíor iarracht.
Is ag an am seo a bhfuil orm a rá go bhfuil an mheas agam ar Gerry Adams agus Martin McGuinness don tslí in a bhfuil siad ag obair ar son síocháin. Tá sé tábhachtach freisin a rá nach bhfuil mé ag gearráin faoin IRA féin amháin, is fuadh liom iad uilig; Proviosanal IRA, Contingency IRA, INLA, Retired Thugs Unions and Representitives IRA, IRA Scrabble Division agus na lads eile UVF,UDA, Red Hand Defenders, Ulster Defence Against Extra Terestrials Alliance, Tick Fuckers From Ulster Brigade gan tagairt ar an Orange order fiú. Tá siad ar fad mar an céanna.
Rud eile, muna bhfuil an cogadh ar súil (ie. muna bhfuil oraibh airgead a dhénamh chun gunnaí a cheannach) cén fáth a bhfuil sibh fós ag lorg cáin chosaint ó do dhaoine féin? Níos measa, cén fáth a bhfuil sibh a bailiú cáin ó na lads ag díol drugaí chuig bhur daoine? Cloisim freisin go bhfuil cuid agaibh ag díol sibh féin! Tá sibh beagnach comh dona le na tiarnaí táiliún a throid muid in adhaigh ar feadh na bliannta fada crua. Is náire sibh.
Rud amháin eile, mo phointe deirneach. Ní libhse an teanga! Is le gach duine é. Táim ag iarraidh 32 ach ní tabharfaigh sibhse é dúinn. Ní cheapaim go bhfuil suim ag cuid agaibh fiú, sásta le leaba deas compórdach déanta as ‘northern Ireland Banknotes’-oops-céard a rinne sin don cogadh?